Point your AI agent at freehire and let it find you a job.

Get the CLI →

Uisce Éireann

New

Anailísí Bainistíochta Teagmhais agus Géarchéime /Incident and Crisis Management Analyst

Posted Updated 1 view
Discussion

An Ról:

Tá an Fhoireann um Riosca agus Athléimneacht Eagraíochta freagrach as Beartas agus Creat Uisce Éireann um Bainistíocht Riosca Eagraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus as cúnamh a thabhairt don chomhlacht lena chinntiú go ndéantar Beartas agus Creat cuí Athléimneachta (Bainistíocht Géarchéime agus Leanúnachas Gnó) a dhearadh, a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú ar fud na heagraíochta, d’fhonn tionchar teagmhas leanúnachais ghnó nó bainistíochta géarchéime a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Cuirtear tacaíocht ar fáil tríd an bhfeidhm freisin maidir le córas bainistíochta UÉ a fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin ISO agus lena n-áirítear a phríomhphróisis tacaíochta (Bearta Ceartaitheacha & Coisctheacha/Rialú Doiciméad) a chur ar fáil.

Beidh an tAnailísí Bainistíochta Teagmhais agus Géarchéime freagrach don Cheannasaí Teicniúil Bainistíochta Teagmhais agus Géarchéime. Beidh teagmháil rialta aige/aici le grúpa mór páirtithe leasmhara ar fud réimsí éagsúla an chomhlachta agus tabharfaidh sé/sí comhairle agus tacaíocht maidir le próisis agus pleananna um bainistíocht teagmhais agus géarchéime a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Cuirfidh sé/sí oiliúint agus treoir ar fáil maidir le struchtúir agus cleachtais an chreata um Bainistíocht Teagmhais agus Géarchéime ar feadh a saolré ar fad chomh maith le tuairisciú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas sin, agus chomh maith leis sin beidh ról aige/aici i ngníomhaíochtaí rialachais agus dearbhaithe na heagraíochta.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

  • Tacaíocht a thabhairt d'Uisce Éireann maidir le comhordú agus cur i gcrích gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gCreat um Bainistíocht Teagmhais & Géarchéime ar feadh shaolré iomlán na dteagmhas.

  • Athbhreithnithe gnó a dhéanamh ar dhoiciméid um bainistíocht teagmhais agus géarchéime chun a chinntiú go gcoimeádtar cothrom le dáta iad ó thaobh gníomhaíochtaí, acmhainní, agus modhanna feidhmithe de.

  • Tacaíocht a thabhairt maidir le pleananna agus nósanna imeachta um bainistíocht teagmhais agus práinnfhreagartha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí chomhoibriú go dlúth le hionadaithe ar fud an chomhlachta.

  • Tacaíocht a thabhairt don ghrúpa oibre ilréimsiúil um bainistíocht teagmhais agus an grúpa sin a riar chun a chinntiú go bhfuil gach gné de Bhainistíocht Teagmhais & Géarchéime oiriúnach don fheidhm ar fud na heagraíochta.

  • Gníomhaíochtaí dearbhaithe a chomhordú agus a sceidealú ar fud an chomhlachta, amhail oiliúint, cásanna a thástáil, agus cleachtaí a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le bainistíocht teagmhais agus géarchéime.

  • Tuarascálacha agus méadracht maidir le stádas na Bainistíochta Teagmhais & Géarchéime a fhorbairt agus a chur ar fáil mar chuid de phleananna dearbhaithe bliantúla.

  • Cúnamh agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann ilréimsiúil maidir le foirne bainistíochta teagmhais nó géarchéime a chur le chéile mar fhreagairt d’eachtraí beo de réir mar is gá.

  • A chinntiú go ndéantar rioscaí um Bainistíocht Teagmhais agus Géarchéime a shainaithint, agus a chur ar aghaidh, agus tacaíocht a thabhairt maidir le bearta rialaithe agus maolaithe a shainaithint.

  • Comhairle agus treoir maidir le Bainistíocht Teagmhais & Géarchéime a thabhairt do bhaill foirne ag gach leibhéal den chomhlacht.

  • Obair a dhéanamh le hacmhainní inmheánacha chun cláir oiliúna agus feasachta riachtanacha a chruthú agus a sholáthar.

  • Ról comhordaithe agus tacaíochta sa chomhlacht maidir le hathbhreithnithe iartheagmhais/iar-ghéarchéimeanna a dhéanamh ar “cheachtanna a foghlaimíodh” agus maidir le torthaí na n-athbhreithnithe sin a chur san áireamh i bpleananna.

  • Oibriú le baill foirne Uisce Éireann i ngach réimse den chomhlacht chun a chinntiú go ndéantar deiseanna feabhsaithe maidir le Bainistíocht Teagmhais & Géarchéime a chomhaontú agus a chur i bhfeidhm d’fhonn feabhsú leanúnach ar na próisis sin a chinntiú.

  • Tacaíocht a thabhairt don Fheidhm um Riosca agus Athléimneacht Eagraíochta agus don chomhlacht i gcoitinne maidir leis na rialacháin náisiúnta ábhartha agus infheidhme i ndáil le hathléimneacht a léirmhíniú agus a chur chun feidhme chun comhlíonadh a chinntiú, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i dtionscadail agus i dtionscnaimh athléimneachta.

  • D’fhéadfaí dualgais eile a shannadh ó am go chéile

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:

  • lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do; Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud chomhlacht UÉ,

    • Oibríochtaí Sócmhainní

    • Rialachán Timpeallachta

    • Sláinte agus Sábháilteacht

    • Gnóthaí Corparáideacha

    • Soláthar Bonneagair

    • Oibríochtaí do Chustaiméirí

    • Bainistíocht Sócmhainní

    • Saoráidí

    • TF

  • Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.

  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.

  • Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

  • Dualgais eile nuair is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí:

  • Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha

  • Tá ar a laghad 3 bliana de thaithí in earnáil an uisce, in earnáil na bhfóntas nó in earnálacha atá cosúil leo inmhianaithe, agus/nó taithí ábhartha i róil a bhaineann le Leanúnachas Gnó, Pleanáil Theagmhasach, Bainistíocht Teagmhais/Géarchéime nó i róil Freagartha um Bhainistiú Éigeandála

  • Is buntáiste é do dhuine taithí a bheith aige/aici ar chórais bhainistíochta, go hidéalach i gcuideachtaí Fóntais/eagraíochtaí móra inar cloíodh le caighdeáin ISO.

  • Taithí oibre ar phróisis agus nósanna imeachta a fhorbairt agus ar iad a chur i bhfeidhm i bhfoirne gnó

  • Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach

  • Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile

  • Taithí ar obair foirne agus comhroinnt eolais a spreagadh chun feidhmíocht na foirne a fheabhsú. Fianaise ar chomhghleacaithe a spreagadh chun comhspriocanna a bhaint amach agus torthaí a fheabhsú

  • Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.

  • An cumas déileáil le dálaí éagsúla agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú

  • Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.

  • Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.

The Role:

The Organisational Risk and Resilience Team is responsible for developing and implementing Uisce Éireann’s Organisational Risk Management, Policy and Framework and assisting the business in ensuring that appropriate resilience (Crisis Management and Business Continuity) Policy and Framework is designed, implemented and operated across the organisation to minimise the impact of a business continuity or crisis management events. The function also supports the development of the UÉ management systems model in line with ISO standards and including the provision of its core support processes (CAPA/Doc Control).

Reporting to the Incident & Crisis Management Technical Lead, the Incident & Crisis Management Analyst will interact with a large group of stakeholders across the different areas of the business and will provide advice, support in the development and implementation of incident & crisis management processes and plans, training, guidance, reporting and monitoring of the full life cycle of the Incident & Crisis Management framework structures and practices and contributing to the governance and assurance activities of the organisation.

Main Duties and Responsibilities:

  • Support the day-to-day coordination and completion of activities of the full Incident & Crisis Management Framework lifecycle for Uisce Éireann.

  • Completion of business reviews of incident and crisis management documentation to ensure they are kept up to date on activities, resources, and implementation mechanisms.

  • Support the development and implementation of incident management, emergency response plans and procedures working closely with representatives across the business

  • Support and administer the running of the cross functional incident management working group to ensure all elements of Incident & Crisis Management are fit for purpose across the organisation

  • Coordinate and schedule assurance activities across the business, such training, scenario testing, exercises of the incident and crisis management processes.

  • Develop and provide Incident Management & Crisis management status reports and metrics as part of annual assurance plans.

  • Provide assistance and support to the wider team on standing up incident or crisis management teams as response to live events as and when required.

  • Ensure that Incident & Crisis Management risks are identified, and escalated, and support the identification of control and mitigation measures.

  • Provide incident & Crisis management advice and guidance to the across all levels of the business

  • Work with internal resources to create and deliver required training and awareness programmes

  • Coordinate and support the business on the completion of post-incident/crisis “lessons learnt” reviews and incorporate findings into plans

  • Work with the wider Uisce Éireann business to ensure that Incident & crisis Management opportunities for improvement are agreed and implemented ensuring continuous improvement of these processes

  • Support the Organisational Risk and Resilience Function and wider business in the interpretation and implementation of relevant and applicable national resilience regulations to ensure compliance, including involvement and participation in resilience projects and initiatives.

  • Other duties may be assigned from time to time

General Duties and Responsibilities:

Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;

  • Asset Operations

  • Environmental Regulation

  • Health and Safety

  • Corporate Affairs

  • Infrastructure Delivery

  • Customer Operations

  • Asset Management

  • Facilities

  • IT

  • Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.

  • Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.

  • Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.

  • Other duties as required.

Knowledge, Skills and Experience:

  • Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experience

  • A minimum of 3 years’ Experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience in Business Continuity, Contingency planning, Incident/ Crisis Management or Emergency Management Response roles

  • Management systems experience, ideally in the Utility/ large organisations working to ISO standards is an advantage

  • Working experience developing processes and procedures and implementing into business teams

  • Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally

  • Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others

  • Experience in encouraging teamwork and knowledge-sharing to enhance team performance. Evidence of motivating colleagues to achieve shared goals and improve outcomes

  • Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and make improvement decisions that benefit the team/communities.

  • Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements

  • Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.

  • Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 02/09/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Skills

See also

Data Analytics jobs by country — openings, pay and top skills →

Tailor your CV for this role?

We couldn't check your fit for this role — add a CV to your profile to see it next time.

A new version of freehire is available